
Parc Glynliffon & Woodstock Gardens
Is tionscnamh sainiúil Gairdín Celtaidd a thugann le chéile dhá ghairdín agus páirc stairiúil atáthar á athchóiriú faoi láthair. Tá na húdaráis áitiúla ar leith i mbun na n-athchóirithe a gcinnteoidh go bhfillfidh Parc Glynllifon i nGwynedd na Breataine Bige agus Gairdíní Woodstock, Cill Chainnigh ar an gclú a bhíodh acu. Tá nasc cothaithe idir dhá thionscnamh chosúla de bharr an dá gháirdín a thabhairt le chéile. Táthar ag súil, freisin, gaol a spreagadh a bheidh mar bhuntáiste ó thaobh cúrsaí oiliúna de agus ó thaobh malartú saineolais de. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh chomh maith, dhá phobal thuathánacha a thabhairt le chéile. Spreagfaidh seo malartaithe croschultúrtha agus cuirfidh sé go mór le todhchaí agus inmharthanacht Gáirdíní Woodstock agus Parc Glynllifon mar áiseanna cultúrtha, oideachasúla agus taithneamhacha. Beidh na gáirdíní mar bhuntáiste, ní hamháin don phobail áitiúl, ach don phobal i gcoitinne.
Woodstock
Tá gairdíní Woodstock suite i sráidbhaile Inis Tíog ar bhruach abhainn na Feoire i gCo. Chill Chainnigh. Bhíodh Gairdíní Woodstock ar cheann de na gairdíní ba chlútaí in Éirinn tráth agus thagadh an-chuid cuairteoirí ar cuairt chucu. Tá athchóiriú á dhéanamh ar na gairdíní i láthair na huaire. I measc na ngnéithe atá le feiceáil sna gairdíní tá Bláthanna Lochtán, an Gáirdín Geimhridh, an Siúlóid Arócar, Siúlóid na nGiúiseanna Maorga agus an Chrannlann.
Ba iad Coirnéal William Tighe agus a bhean, An Bhean Uasal Lousia Lennox, a smaoinigh air agus a chuaigh i mbun dearadh na ngairdíní ag Woodstock. Deineadh formhór na hoibre i rith an tréimhse Victeoiriach, ó 1840-1900. Ba ón iasacht an-chuid de na plandaí sa ghairdín agus bhíodar nua-aimsithe nuair a cuireadh ag fás sna gairdíní iad. Nithe eile atá le feiceáil ná Colmlann agus Fochla aisteach. Deineadh athchóiriú ar an Teach Samhraidh Tuathánaigh agus ar an bhFuarán le déanaí.
Tá fothrach an tí a tógadh ag Woodstock sa bhliain 1745 le feiceáil sna gairdíní go fóill. Scriosadh an teach de dheasca tine sa bhliain 1922 agus táthar ag déanamh iarrachta an foirgneamh a dhaingniú agus stop a chur lena meathlú. Ba chóir freisin, stopadh ag Caisleán Chnoc an Chantualaigh agus tú ag filleadh ó na gairdíní. Ann is féidir féachaint amach thar radharc aoibheann gleann na Feoire agus Droichead deich n-áirse Inis Tíog.
Suíomh
Tá Gairdíní Woodstock suite díreach taobh amuigh de shráidbhaile Inis Tíog. Ní mór an chéad chasadh ar dheis a thógaint sa sráidbhaile ag teacht ó Chill Chainnigh agus leanúint suas Sráid Ard. Is féidir na gairdíní a shroicheadh tríd an bpríomhgheata ar bharr an chnoic. Tá na gairdíní suite 500m ón ngeata.
Ar Oscailt: Oscailte i rith na bliana ar fad.
Cead Isteach:
€3.50 do ghluaisteán sa charrchlós.
Tá ticéadaí bliana ar fáil ar €30.00 a thugan cead isteach neamhtheoranta ar feadh na bliana.
Áiseanna:
Carrchlós, Leithris, inshroichteacht teoranta do chathaoir rotha, Seomraí Tae (Oscailte ar an Satharn agus ar an Domhnach amháin i rith an gheimhridh).
Ní mór cinneadh a dhéanamh má tá turas eolais ag teastáil.
Teagmháil:
Claire Murphy: +353 87 858 0502 nó
John Delaney: +353 87 854 9785